Seo cuntas ó Rang Aisling mar gheall ar Choláiste Choilm agus an chéad bhlian – maith sibh!
Fáilte go suíomh idirlín Choláiste Choilm. Rang Aisling anseo. Tá an scoil seo suite i mBaile an Chollaigh. Is scoil an-mhór í le breis is míle dalta. Tá Gaelcholáiste Choilm ann freisin agus tá timpeall ceithre chéad dalta sa Ghaelcholáiste. Bíonn an Ghaeilge á labhairt ag na daltaí an t-am ar fad ann. Bean Uí Sleimhne is ainm don phríomhoide agus Bean Uí Breathnach agus Bean Uí Súilleabháin is ainm do na príomhoidí tánaisteacha. Bíonn leathlá againn ar an gCéadaoin.
Tá a lán ábhair scoile sa scoil seo mar shampla: adhmadóireacht, gnó, Fraincís, Gearmáinis, miotalóireacht, ealaín, eolaíocht, ceol, eacnamaíocht bhaile/tíos, líníocht theicniúil, mata, Gaeilge, Béarla, stair, tíreolacht, C.S.P.E, S.P.H.E, creideamh, corpoideachas agus riomhairí. Tá Fraincís ar fáil sa Ghaelcholáiste agus tá Gearmáinis ar fáil sa mhórscoil. Bíonn turasanna thar lear ar siúl freisin.
Tá neart spóirt anseo mar shampla : haca, peil, iománaíocht, cispheil, camógaíocht, sacar, leadóg bhoird, léadóg, Frisbee, luthchleasaíocht, galf, agus rugbaí. Tá gníomhaíochtaí eile ar fáil freisin mar shampla drámaíocht, ceol, ealaín, damhsa, club eolaíochta, ficheall, club leabhair, club fótagrafaíochta, club ealaíne, agus club díospóireachta. Bíonn seó ann sa scoil freisin. Déanann an idirbhliain é i Mí na Samhna.
Tá rang Ipad sa scoil seo. Úsáideann na daltaí na ipads sa rang mar leabhair. Ní bhíonn mála trom againn agus is féidir linn teicneolaíocht a úsáid sa rang. Is rang ipad é Rang Aisling.
Caithimid éadaí scoile, níl aon charbhat againn. Tá dath gorm agus liath ar na héadaí scoile. Caitheann na cailíní sciorta nó bríste agus caitheann na buachaillí bríste. Is maith linn ár n-éadaí scoile mar tá siad an-chompórdach.
Is aoibhinn linn an scoil seo.
Slán go fóill,
Rang Aisling.