Trips

Thaistil deichniúr ón gcúigiú agus séú bliain Ghaelcholaiste go dti Teach Laighin le Iníon Hutchinson Dé Máirt an 7ú Márta 2017. Bhí triúr dalta -Rachel Lingwood, Ciara Ní Icí agus Darragh Lankford ag labhairt ós comhair Coiste Oireachtais. Is ar an bhféinmharú I measc daoine óga agus cúrsaí fostaíochta a bhíodar ag caint. Bhí toscaireacht an Ghaelcholáiste sa ghaileraí ar feadh tamaill, bhí lón acu ann agus turas timpeall. Bhí an lá go diail ar fad agus táid fós ag caint air. Bhí Micheál Ó Mairtin, Éamon ó cúiv, Aindreás ó Muimhneacháin, Pat the Cope agus a thuilleadh ar an gcoiste. Aindreás a thug an cuireadh dóibh agus bhí dhá scoil eile ós comhair an choiste leo.