Tá Gaelcholáiste Choilm ag ceiliúradh 25 Bliain i mbliana ó 1991(Bliain a bhunaithe) go 2016..Tá tuairim agus 390 dalta ar na rollaí anois a d’fhás ón rang amháin lenar thosnaíomar amach.Tá scata imeachtaí eagraithe i rith na bliana seo, ina measc..
14ú Deireadh Fomhair – Lá Spraoi do scoláirí an Ghaelcholáiste sa Spórtlann.
18ú Deireadh Fómhair – Céilí na Scoile.
20ú Deireadh Fomhair – Oíche Cheiliúrtha an Ghaelcholáiste sa Chultúrlann.
Sé mana na hócáide ná “Gaelcholáiste Choilm – i mbun eitilte” agus tá spiorad na háite, meanma phobal na scoile agus an Ghaeilge féin ag eitilt go mullach na spéire.