Bhi oíche mhór cheiliúrtha ag Gaelcholáiste Choilm ar an 20ú Deireadh Fomhair i gCultúrlann na scoile. Comóradh 25 bliana de sár-oideachais acadúil, cultúrtha agus pearsanta tri mheán na Gaeilge. B’é Mícheál Ó Máirtín aoi-chainteoir na hoiche agus bhí slám mor d’iarscoláirí agus tuismitheoirí maraon le hionadaithe pobail ag ceolchoirm na hócáide.